Teasc Gaeilge an Reifrinn Posta

Dr Seán Ó Conaill

Leagan Béarla Anseo / An English Language Version of this piece can be found here

Tá an-chuid plé faoin leagan Gaeilge den fhoclaíocht den Reifreann Posta le déanaí tar don phíosa seo a bheith san Irish Times.

Is é seo leanas an leagan oifigiúil i nGaeilge;

“Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.”

Má dhéantar aistriú liteartha ar sin go Béarla faightear rud éigin ar nós;

“Two persons, whether they be men or women, may contract in relation to marriage in accordance with law”.

Ach deir an leagan oifigiúil i mBéarla

“Marriage may be contracted in accordance with law by two persons without distinction as to their sex.”

Is teasc dhá theangach í Bunreacht na hÉireann. Dréachtaíodh í i mBéarla agus i nGaeilge cé go raibh tús áite ag an mBéarla sa phróiseas.imagesCAW77Z4F Ní féidir linn a rá in aon chur gur aistriúcháin simplí atá i gceist. Tá iomaí sampla sa teasc féin a chruthaíonn go bhfuil I bhfad níos mó i gceist seachas aistriúcháin simplí. Míníonn mo chomhghleacaí ón Roinn Nua Ghaeilge Dr Neil Buttimer an pointe seo san fís atá le fáil anseo.  An sampla is mó le rá b’fhéidir ná an aois atá ag teastáil le hOifig an Uachtaráin a ghlacadh in Airteagal 12.4.1. Sa teasc Bhéarla braitear go bhfuil botún sa tslí go ndeir an Bunreacht go bhfuil gá go mbeadh duine sa 35ú bhliain (eg 34 bliain d’aos) ach sa teasc i nGaeilge tá riachtanais go gcaithfidh go bhfuil an 35ú slán ag duine. In Airteagal 29.3 atá bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta tá an frása “ina dtreoir” nach bhfuil sa teasc i mBéarla in aon chur. Tá uaireanta ann leis nuair atá an teasc Gaeilge á úsáid le pointe polaitiúil nó náisiúnach a dhéanamh mar shampla in Airteagal 8.2 tugtar Sasc-Bhéarla seachas Béarla ar an tarna teanga oifigiúil – níl aon éifeacht dhlíthiúil aige seo ach is léir go bhfuil pointe á dhéanamh.

Tuigimid ó Airteagal 25.4.5 nuair atá coimhlint idir an teasc i mBéarla supreme courtagus i nGaeilge go mbíonn tús áite ag an teasc i nGaeilge. Tugann sé seo ról lárnach don Ghaeilge sa chóras bunreachtúil ach go praiticiúil ní minic go mbíonn difir shoiléir idir an míniú dlíthiúil idir an teasc i mBéarla agus i nGaeilge. Tarlaíonn sé i bhfad níos minice áfach go mbíonn na teisce i mBéarla á léamh i leith an teasc i nGaeilge le míniú a bhaint aisti agus tharla sé seo in an-chuid cásanna mór le rá  ar nós X v Ireland, Roche v Roche, Doherty v Ireland srl srl.

Nuair a dhéantar dréachtú ar leasuithe bunreachtúil déanta tromlach na hoibre i mBéarla. Is cinneadh polaitiúil í ag deireadh an lae agus dar ndóigh déantar an cinneadh ag bord an rialtais, le cabhair ó dhlíodóirí an rialtais, i mBéarla. Is ag an bpointe seo, nuair atá an teasc i mBéarla deimhnithe go ndéantar an aistriúchán. Ní féidir leis an aistritheoir an teasc i mBéarla a athrú in aon chur agus caithfidh siad an teasc i nGaeilge a chur le chéile go cúramach ag cinntiú go bhfuil an míniú céanna dlíthiúil ag teacht ón dhá theanga. Dár ndóigh tá Béarla agus Gaeilge go hiomlán difriúil mar theangacha, ní féidir aon dá theanga a aistriú focal ar fhocal go simplí. Tá inscne i nGaeilge agus Francis nach bhfuil i mBéarla, tá athruithe ar fhocal i dteangacha Ceilteach nach bhfuil sa Bhéarla srl srl . De dheasca seo ar fad tá post fíor casta ag aistritheoirí agus iad ag obair leis an mbunreacht.

Tá an post seo níos deacra fós toisc go bhfuil stíl agus teanga faoi leith sa bhunreacht sa chéad áit. Caithfidh aistritheoirí a chinntiú go bhfuil leanúnachas ó thaobh teanga de sa Bhunreacht fiú amháin nuair atá forálacha nua á chur leis. Ar leibhéal amháin tá gach seans go mbeadh an t-aistriú seo thíos níos cóngaraí don leagan i mBéarla ach tá roinnt fadhbanna leis;

“Féadfaidh beirt dhaoine, gan idirdhealú ó thaobh gnéis, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.”

Ach deir an leagan oifigiúil;

“Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.”

Úsáidtear “cibé acu is fir nó mná iad” ar bhonn leanúnachais toisc go bhfuil an fhoclaíocht sin le fáil chéanna féin sa Bhunreacht mar aistriú ar “every citizen without distinction of sex” in Airteagal 16.1. Níl an focal gnéas sa Bhunreacht in aon chur agus níl fáil air i dTéarmaí Dlí ach oiread. Úsáidtear “beirt” le beirt dhaoine a chur in iúl toisc go bhfuil an leagan sin in úsáid in Airteagal 28.7.2. Ní bháitear úsáid as “idirdhealú” le “distinction” a thabhairt le fios toisc go bhfuil “idirdhealú” in úsáid chéanna féin sa bhunreacht mar aistriúcháin ar “discrimination” .

Cé nach bhfuil an aistriúcháin fhoirfe tá mé féin agus mo chomhghleacaí Dr Conor O’Mahony á rá go bhfuil rialacha dlíthiúil maidir le ciall a bhaint as dlíthe leis an fhadhb seo a leigheas. Ní chiallóinn sé seo áfach nach bhfuil gá dúinn rudaí a fheabhsú in Éirinn. Faoi láthair lá na haistritheoirí ag snámh in aghaidh easa. I dtíortha eile le córas dátheangach ar nós Ceanada agus na Breataine Bige úsáid có-dhreachtú áit go mbíonn dhá dhlíodóirí agus obair le céile ar an dlí. Tugann sé seo deis do dhá theangacha ról a bheith acu sa phróiseas ón tús agus ciallaíonn sé go féidir teasc atá in-aistrithe a sholáthair sa dá theanga. Deir an taithí ó Cheanada agus ón mBreatain Bheag  linn go mbíonn teasc i bhfad níos fearr sa mhion-theanga agus go mbíonn feabhas freisin ar an teasc i mBéarla. Ní hamháin seo ach tá an próiseas níl saora agus níos éifeachtaí ó thaobh ama de.

 

Dr Seán Ó Conaill

Twitter @soconaill

This entry was posted in Irish language, Marriage, President, Uncategorized. Bookmark the permalink.

Comments are closed.